School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
(no title)

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(no title)

Le linn an ghorta bhí na daoine san áit seo ag fágailt bháis mar a bhíodar i go leór áiteanna eile.

Le linn an ghorta bhí na daoine san áit seo ag fághailt bháis mar a bhíodar i go leór áiteanna eile. Téigheadh go leór díobh go dtí tigh na mbocht in Dúngarbháin áit go raibh greim bídh le fághailt aca acht b'shin é an méid. Níí raibh trúagh ná taise ag aoinne dóibh ann. Bhí fear bocht in a chomhnuidhe i Lios Aodh Ruadh agus bhí an ocras ag goilleamhaint air, nuair a bhí sé ag dul ró dhian air.

Chuir sé dhe go tigh comharsan - baintreach ba eadh í agus bhí croidhe cruaidh aici. Níor d'eirigh leis an bhfear mbocht an doras a sroisint thuit sé ag an ngeata.
Chonnaic an bhaintreach é. Ghlaoidh sí ar an mbuachaill aimsire agus dubhairt leis an capall a ghóilt fé'n gcairt. Dhein. Cuir sí féin an fear bocht isteach sa chairt chun é thabhairt go dtí Tigh na mBocht. Nuair a bhí sí á cur sa cairt, d'oscail an fhear bocht na súile agus d'feach sé ar an mbean - aon fheachaint amhain annsan thuit sé síar marbh.
D'fan an fheacaint sin i gcuimhne na baintrighe go lá a bháis.

( Fuairis cuid des na sgéalta gairide seo ó Labhrás Ó Dúnaighe. Tá comhnuidhe air i Lios Aodh Ruadh, Árd Mhór. Fuair sé ó'n a athair iad. Bhí comhnuidhe air i mBaile Uí Chuinn )

Informant
Labhrás Ó Dúnaighe
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Lissarow, Co. Waterford
Language
Irish