Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 051
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ina chomhnuidhe i mbaile an Phuill fadó, sé an ainm a bhí air ná Seosamh Ó Loinisigh.”
Bhí fear ina chomhnuidhe i mBaile an Phuill fadó, sé an ainm a bhí air ná Seosamh Ó Loinisigh. Máirnéalach be eadh é. Bhí sé ag dul go dtí an Fhrainc agus ag tabhairt earraí thar mais fé cheilt. An uair sin na mairnéalaigh ba mhó mhisnigh a bhíodh aca i gcóir na h-oibre sin. Bhí trácht ar an Loinnseach seo ná faigheadh diabhal ná duine eagla a chur air. Bhí tiarna talmhan san áit. Fisher ab ainm dó. Ní raibh aoinne sa tigh ach é féin. Chuir sé fios ar an Loinnseach oíche áirithe chun teacht chuige go raibh gnó éigin aige de.
Tháinigh sé. Tharraing Fisher buidéal rum chuige agus thug taosgán dó. Bhíodar ag seanchus lena chéile ar feadh roinnt aimsire. Sa deire labhair Fisher. "'Sé rud atá ag cur tinneas orm" arsa sé "ná go bhfuil sprid sa tigh seo agus ní faighinn codla na h-oíche a dhéanamh léithe".
"Dén bhaint atá agamsa le sin?" arsa an fear eile.
"Tá" arsa Fisher "gur airigheas gur duine gan eagla tú agus go bhfaighfá an sprid seo a mharbhú".
Bhíodar ag caint is ag cur tré chéile agus sa deire dúirt an Loinnseach go ndéanfadh sé a dhícheall an sprid a mharbhú.
"Tá go leorarm tine agam sa sa tigh" arsa Fisher.
Thóg an Loinnseach píosa dhá scillinge as a phóca. Dhein sé piléar den píosa dhá scillinge agus chuir isteach sa ghunna é
Ar uair an mean-oíche d'airigheadar an sprid ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Loinnsigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Currach, Co. Phort Láirge