Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 052
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Eamonn Ó Loinnsigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ina chomhnuidhe i mbaile an Phuill fadó, sé an ainm a bhí air ná Seosamh Ó Loinisigh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    teacht a bhí ann. Nuair a tháinigh sí isteach sa seomra ina rabhadar caith an Loinnseach léithe, nuair a gheal an deatach ní raibh faic ar an úrlár ach mar a bheadh 'frog spawn'. Thit an Loinnseach fuar marbh ach tar éis tamaillín tháinigh sé chuige féin. Ní fhacha Fisher aon sprid ón oíche sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Roinnt mhaith bliainta ó shoin bhí duine dárbh ainm dó Eamonn Ó Loinnsigh ina chónaí sa Ghráinsigh le h-ais an sean-theampaill. Bhí feirm dathad acra agus é go maith as, níl rian den tigh ann anois ná le fada. Bhí Eamonn ina chaptaen ar na Finíní. Oíche amháin tháinigh an tóip air. Thógadar amach óna bhean ia a chúram é. Dúradar go raibh sé cionntach ag briseadh na dlí. Dúirt an t-oifigeach dá dtabharfadh sé fiadhnaise ar na daoine a bhí fén a bhun go ligfí saor é. Ní tabharfadh Gabhador agus cuid mór eile daoradh iad go léir agus cuireadh amach go Tír na dTurcach iad. Bhí sagart ina measc leo. Bhí an saol go dona aca san áit sin, an teas, an bia agus an cruadthan ag goilleamhairt ortha. Bhí an Loinnseach bocht ar an duine ba mheasa aca. Bhí sé i mbaol a radharc a cailliúnt. Ní raibh aon cheart á fháil aige ó muintir an phriosún. An Governor a bhí san áit, bhí iníon aige ghlac cruaidh aici dos na priosúnaigh go mór mór don Loinnseach ach ní raibh aon mhaith di ann. Bhí an obair comh cruaidh ortha agus bhí riamh.
    Sa deire chaill an Loinnseach a radharc.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Loinnsigh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 65
    Seoladh
    An Currach, Co. Phort Láirge