Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 017
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean taobh shíor de Dhúngarbhan, go raibh feallseán aici agus d'eirigh mé maidean amháin shíl mé go raibh sé in a lá, dar ndóigh níor d'eadh ach lár na h-oidhche a bhí agam.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sé ar an dtaobh thiar den doras. Fuair sé bun bata a bhí ann agus d'imigh sé suas sa seomra. Ní fheadar mé cad ba chóir dóibh ach d'imigh mé liom agus bhí mé i nDúngarbhán le breacadh an lae chuaidh mé síos go dtí an bhean go raibh luibh an feallsaora aici.
D'inis mé mo scéal di ó thús deire. "Chuaidh tú in an-dinnséir aréir" arsa sí "agus an bóthar a thug tú ort ag teacht. Tabhair bóthar éigint eile ort ag dul abhaile".
Dhein mé a comhairle agus sin é deire a bhí air.
Bhí ministir ann fadó. Fuair inghean leis bás agus d'iarr sé ar seanbhean an t-inghean a caoineadh. Thus sé scilling di agus seo mar a chrom sí í :
"Mo grádh-sa an ministir
Mar isé thabharfadh an scilling dom
Do grádh a leanbh a caoineadh
Ach aoide na coda san
Ar an gcuid eile aca
Siar go t-eirball timpeall"- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Bhruadar
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Áth na Croise, Co. Phort Láirge