School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 017
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bean taobh shíor de Dhúngarbhan, go raibh feallseán aici agus d'eirigh mé maidean amháin shíl mé go raibh sé in a lá, dar ndóigh níor d'eadh ach lár na h-oidhche a bhí agam.

    (continued from previous page)
    Chuaidh sé ar an dtaobh thiar den doras. Fuair sé bun bata a bhí ann agus d'imigh sé suas sa seomra. Ní fheadar mé cad ba chóir dóibh ach d'imigh mé liom agus bhí mé i nDúngarbhán le breacadh an lae chuaidh mé síos go dtí an bhean go raibh luibh an feallsaora aici.
    D'inis mé mo scéal di ó thús deire. "Chuaidh tú in an-dinnséir aréir" arsa sí "agus an bóthar a thug tú ort ag teacht. Tabhair bóthar éigint eile ort ag dul abhaile".
    Dhein mé a comhairle agus sin é deire a bhí air.

    Bhí ministir ann fadó. Fuair inghean leis bás agus d'iarr sé ar seanbhean an t-inghean a caoineadh. Thus sé scilling di agus seo mar a chrom sí í :
    "Mo grádh-sa an ministir
    Mar isé thabharfadh an scilling dom
    Do grádh a leanbh a caoineadh
    Ach aoide na coda san
    Ar an gcuid eile aca
    Siar go t-eirball timpeall"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlís Bean Uí Bhruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Age
    c. 60
    Address
    Crossford, Co. Waterford