Scoil: Knockanore, Tulach an Iarainn (uimhir rolla 3766)

Suíomh:
Cnoc an Óir, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Conchobhar Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Knockanore, Tulach an Iarainn
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Cistí Óir”
  4. XML “Ciste Óir Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do réir na sean-scéalta do bhí cróca óir i bhfolach i ngleann i gCúlbheagán. Fé chloch mhóir do cheap na daoine go raibh an cróca óir ann. Do chuaidh daoine ann chun an chloch mór sin do thógaint as an áit. Do thógadar an chloch as an áit agus ní fuaireadar aon ór ann. Do bhí lios in aice na háite seo agus do bhíodh taidhbhiumh ag na daoine gurbh iad na daoine i bhfód ina gcómhnuidhe insan lios a chuir an cróca óir i bhfolach ann. Chun an t-airgead do choiméad go chúramach a chuir na daoine annsan é. Do bhí an chloch mhór ardsan cúig troighe deug dá faid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhullamhnaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Philib Thiar, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Liam Uasal Ó Mullamhnaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Philib Thiar, Co. Phort Láirge