Scoil: Knockanore, Tulach an Iarainn (uimhir rolla 3766)

Suíomh:
Cnoc an Óir, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Conchobhar Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Knockanore, Tulach an Iarainn
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Cistí Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí Óir
    Fadó do bhí a lán daoine in-a gcomhnuidhe i gCnoc an Óir mar a chífeadh duine ar na liosanna go léir a bhfuil le fágáil ar fud an pharóiste. An t-am sin do bhíodh na lochlonnaigh agus creachdóraí eile ag creachadh na h-áite agus ag tógaint na ndaoine mar sclábhuighthe agus do thógaidís na h-ornáidí órdha a bhí acu. Nuair a cuirtí an sgeul amach go raibh báid iasachtha ag teacht aníos san an Abhainn do chuireadís an t-ór agus na h-órnáidí luachmhara i bhfolach agus go minic do marbhuightí na daoine a cuireadh an t-ór i dtaisce. Annsan ní bhíodh fios ag aoinne cá mbíodh an t-airgead i bhfolach. Sa deire tháinig daoine níos cliste ná iad agus fuaradar na rudaí go léir. Do bhí an oiread san óir ann gur chuir na daoine Cnoc an Óir mar ainm ar an áit. Sé m’athair a innis an sceul seo dom, sé sin
    Sean Uas. Ó Fathaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Beit Ní Fhathaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Muice, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Uasal Ó Fathaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceann Muice, Co. Phort Láirge