Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 317
- XML “Teampall Maol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé is Teampall Maol ann ná áit ina bhfuil sean roilg anois. Cuireadh an t-ainm sin air mar bhí teampall annsin fadó agus bhí sé suidhte ar chnoc maol. Fáth eile leis an t-ainm do'b é seo é. Fritheadh fear marbh ar an mbothar go Béal an Feadha oidhche amháin. Rug cúpla fear air agus tháinig siad go Teampall Maol chun é do chur i dTemapall Maol, acht bhí a lán bó maol ag an ngeata agus ní leigfheadh siad isteach iad, agus ó shoin cuireadh Teampall Maol air. I gceann tamaill thuit an Teampaill agus níl ann anois acht sean roilg.Deirtear freisin go dtagadh Paganaigh annsin gach Domhnach ag guidhe. Is féidir aithint ó na lic atá ós cionn na n-uaidh go bhfuil sé go h-an aosta. Tá snas curtha ar na lic agus cuma croise gearrtha ionnta.