Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 270
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór féilí gach bliadhan sa dtír (?) seo. Cleachtuigheann muinntir na tíre nósanna faoi leith ar Lá Fhéile duine éigin nó ar lá fhéile naoimh éicint.Ar Lá 'le Bríghde teigheann buachailli agus caillíní an cheanntair thart go dtí na tíghthí san áit ar lorg pighinneacha. Bíonn aghaidh fidil ortha chun nach n-aithneóchadh aoinne iad. Fá'n a gcom bíonn gais coirce agus bróga móra ortha. Núair a theigheann síad isteach í dteach ar siad ós árd:" Tabhair dhom pighinneacha lé h-aghaidh Bríghide " ag teasbáint na babóige dhóibh.Fiafruigheann bean a' tighe dhíobh í d'fheiceál. "An féidir libh aon rud do dhéanamh dúinn. " ar sise.Déanann síad dreas damhsa agus tosnuigheas (?) ortha ar amhrán a chanadh. Beireann bean a' tighe a seacht mbuidheachas dhóibh agus tugann cúpla pighinn dhóibh ar a gcuid saothar. Imthigheann siad leó lán t-sástas (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Éinrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Éinrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo