Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 119
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus da mbeadh se ag cur fearthainne go mbeadh saoghal cruaidh brónach trioblóideach aca.An oidhche sin bíonn bainis aca i dteach an fhir óig agus cuireann siad cuireadh chuig na daoine thart timcheall na h-áite agus d'á gcáirde féin chun teacht go dtí an bainis. Bíonn a lan spóirt agus grinn aca, ag damsa, ag ithe, agus ag ól ar feadh na h-oidhche. Geibheann na mná fion agus fuiscí agus te. Geibheann na fir poitín, portair agus te. Na buachaillí fásta nach gcuireann an lánamhan cuireadh chuca cuireann siad cualath tuighe orra féin agus théigheann siad go dtí teach an bhainise; "Buachaillí tuighe" a tugtar mar ainm orra. Cuireann gach duine fáilte rómpa agus tógann an fear nua phósta portar no poitín dóibh.Seo nós atá ag na daoine i dtaobh báinise. An fhaid is a bhíonn an lánamhan ins an séípéal bíonn cúpla bean comharsan ag glanadh an tighe le h-agaidh an bhainise agus déantar cáca deas milis. Nuair a thagann an cailín óg agus a fear céile abhaile bíonn na daoine seó ag fanamhaint go dtí go bhfeiceann siad an cailín nua pósta ag dul go dtí an seomra agus annsin briseann siad an cáca ar a ceann.Annsin gheibheann gach duine aca píosa beag de'n cháca agus cuireann siad tre fáinne an chailin nua pósta e. Beireann siad an píosa beag abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brigidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo