Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhios an gaoth ag teacht adtuaidh deireadh na daoine go bhfuuil sí ag teacht ó Largan agus aimsir fuair a bheireann sí leí i gcomhnaidhe. Beidh báisteach ann nuair a bhíos na néalta dubh agus íseal. Iompuigh ann an cat a dhruim leis an teine nuair a bíos sneachta ag teacht, bíonn na madra ag ithe feir, bíonn na cair [?] greaca ag soillsuighadh agus bíonn ceó ar na sleibthe. Nuair a bíos fearthainn ag teacht. bíonn lasraca gorma ar an teine do réir an seanchas.
Nuair a bíos an ghaoth ag teacht andeas bíonn pioba [?] an gríosaighe ag crónán nó ag amhraineacht cois teine. Nuair a bíos lasraca gorma ar an teine agus nuair a bíos creabhair amuigh 'gár n-ithe tá droch aimsir agus fearthainn ag teacht. Seo sean fhocal a chuala mé "Cuirfid an ghaoth adtuaidh an baisteach ar gcúl" "Na spéartha dearg suas fearthaunn agus fuacht." Nuair a bíos stoirm ag teach bíonn na faoilinn ag eitall thart.
Ni maith le h-aon duine droch aimsir nó storim a bheith ann mar bíonn siad ag cainnt go fearga agus bíonn gruaim ar dhaoinibh.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ghiobúín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo