Scoil: An Corrán/Currane (uimhir rolla 16295)
- Suíomh:
- An Corrán, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál P. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Corrán/Currane
- XML Leathanach 33_003
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ariamh.#
Scraith Dhonnchaidh:- Chuaidh fear ab ainm dó Donncadh Ó Maolábhail ar báitheadh ann fadó shoin.
Garrdha na Scoile:- Garrdha ata ingar do'n sgoile.
Dréan Mór: Páirc a bhfuil "dréan mhór" in-a laír agus tugadh an t-ainm sin ar an pháirc sin.
Garrdha na Mgáilleach:- Daoine a bhí in-a gcomhnuidhe in aice leis an páirc sin ar b'ainm doibh Máilligh agus glaodeadh an t-ainm sin ar an pháirc sin.
Píosa na troda: Bhí daoine in aice leis an píosa talamh sin agus bhíodh siad i gcomhnuidhe ag troid faoí'n (páirc) píosa talamh sin. Bhí cuid do na daoine a rádh gur cheart an píosa talmhan sin a thabhairt dobhtha. Agus bhí daoine eile a rádh go mba cheart an píosa talmhan sin a thabhairt dobhtha féin. Sin é an fáth ar tugadh an t-ainm sin ar an píosa talmhan sin "Píosa na Troda."- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc na Móna, Co. Mayo