School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 252
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Gnása i dtaobh Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dathughadh
    Bhíodh na daoine ag dathughadh éadaigh agus rudaí mar sin freisin. Bhaineadh siad dathanna as Coparús, fraóc agus as caonach na gcloch. Deintí an caonach agus an t-éadach a chur isteach le chéile i bpota uisge agus iad a bheirbhiú.
    Bhíodh go leor barraillí is cuinneog a dhéanamh freisin. Ar na daoine a dhéanadh na néithe sni bhí: Feilix Ó Doláin as Tullaigh na Croise. Taidhg Ó Doláin as Gub. Séamus Mac Samhráin as Corraglass. Tá siad beo fós ach amháin Taidhg agus deineann Feilix na cuinneoga fós.
    Fuair mé é seo ó m'uncal -

    Tomás Mac Siordan,
    Moneensamhráin,
    Gleann-Gaibhleann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fadó roimh an bpósadh do deineadh cleamhnas agus socruigheadh an lá a mbéadh an pósadh ann. An maidin sin chuaidh an cailín agus an fear chun an tséipéil agus pósadh iad. Nuair a bhéadh an pósadh thart thagaidís abaile agus bhíodh bricfeast mor aca i dtigh an chailín.
    Annsin théighidís a' chaitheamh mí na meala. Uaireannta eile bhíodh "runaway" aca - sé sin dá mbéadh buachaill an mhór le cailín théigheadh sé go dti a teach agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan