School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 253
  3. XML “Gnása i dtaobh Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'iarrfadh sé cead ar a hathair í a phósadh. Annsin dheinidís an cleamhnas agus bhíodh togha gach bídh agus rogha gach dighe aca. Annsin théigheadh an bheirt go dtí teach eile agus bhíodh gach éinne ag ól. An lá in a dhiaidh sin chuirfeadh athair agus máthair an chailín fios uirthi agus shocrochaidís an lá a mbéadh an pósadh - lá éigin indheire na míosa sin. An lá sin seadh pósadh iad agus bhíodh an-ghreann aca ag ól. Nuair a bhíodh an pósadh thart théigheadh an bheirt go dtí teach an chailín agus bhíodh dinnéar mór aca. An lá in a dhiaidh sin bhíodh an "dragging home" aca; sé sin do théigheadh an cailín go dtí a teach nua.
    Uairteannta eile is ins an tráthnóna a bhíodh an pósadh ar siubhal. Théigheadh an fear is an cailín go dtí an séipéal agus na cáirde go léir in éinfeacht leo. Nuair a bhíodh an pósadh thart bhíodh ceol is rinnce is gach saghas spóirt aca go mbíodh siad tuirseach sáruighthe. Annsin théighidís abhaile is bhíodh dinnéar mór aca. Thagadh daoine isteach is leanfaidís den rinnce. In a dhiaidh sin bhíodh caiple is cóistí aca is théighidís go dtí áit éigin chun é a fheicéal. Sa deire théigheadh an lánamha nua phósta go dtí teach an fhir.
    Bíonn pósanna ar siubhal ó cheann ceann na bliadna ach amháin ar feadh an Charghaois agus in Aidbheint.
    Bhíodh sean nósa i dtaobh laetheannta chun pósadh ag na daoine fadó - Dia Luain i gcóir sláinte, Dia Máirt i gcóir saidhbhreas, Dia Chéadaoin an lá is fearr díobh go léir, Diardaoin i gcóir cailleamhaintí (losses), Dia h-Aoine i gcóir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan