School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 251
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bainne milis. Nuair a bhíodh an scothadh déanta aca thugaidís an líon annsin don sistealóir. Sistealóir a beadh Peadar McCauley as Derrylahan, Gleann-Gaibhleann. Bhí úirlis aige-san leath chomh mór le bráca agus fiacla fada ann ar nós snáthaid tráchtadluidhe. Leis sin sgaradh sé an líon ón tuich (toe) Bhí trí saghas fiacla ar an mbráca an-gharb, garbh, agus min. Nuair a bhí seisean réidh leis thosuigh na mná ar é a shníomh. Nuair a bhí an snáth déánta aca san tugadh do'n fhigheadóir é agus chríochnuigh sé an obair. Nuair a bhí an t-éadach réidh ag an fhigheadoir finneadh na mná é a ghealughadh agus annsin rinneadh braitlíní, léinteacha, tubháillí agus sgaróideacha de.
Plainín do dhéanamh teann láidir.Cuirtí pota mór fuail ar an teine agus ceithre phúnt gallúnaighe gearrtha isteach tríd. Cuirtí é seo ar an bplainín ar dtúis. Fuair na fir doras agus leagadar é ar an urlár sa sgioból. Chuireadar doras eile ag an bhfalla agus ceann eile fós ar a chuimhais. Bhí saghas ruda aca annsin ar a dtugtaí "stock". Bhíodh fear ar gach taobh annsin. Leagadar an plainín eatortha agus rinneadar é a chosadh ar feadh leath uaire. Bhíodh an plainín slat níos giorra nuair a bhíodh an méid sin déanta leis. Annsin nuair a bhí deire leis an obair go léir deintí an plainín a nighe agus a ghealughadh.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan