Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)

Suíomh:
Mullagh, Co. Clare
Múinteoir:
Tomás Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 516

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 516

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 516
  3. XML “Fir Reatha - Fir Mhaithe Siúil - Fir Léime”
  4. XML “Stoirm Mhór - Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    FIR LÉIME
    Bhí fear in-a chomhnuidhe timcheall Bárr na gCros fadó dárbh ainm Tomás Ó Coinnigh. Ní raibh aoinne comh maith leis san áit chun léimrighe. Chuaidh sé go Americe acht uair amháin bhí sé ag léimrigh agus marbhuigheadh é.
    Bhí fear in-a chomhnuidhe i Sráid na Cathrach le déanaidhe dárbh ainm dó Tomás Ó Maoláin. Léimrighe maith dob' eadh léimrighe árd agus léimrighe le polla dob' eadh é. Do chuaidh sé go dtí an Austráil. Do léim sé thar abhainn san áit san agus tugtar "Abha Maoláin" ar an abhainn ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ar an 6adh lá d'Eanair, 1839 bhí an lá ceómhar agus bhí gáile ann i rith an lae annso in-Éirinn. Shéid an ghaoth aniar andeas ar dtúis agus diaidh ar ndiaidh do shéid sí siar ó thuaidh. Timcheall a naoi a chlog ist oidhche d'éirigh an stoirm agus do lean sí go breacadh an lae.
    Ceann tugihe a bhí ar gach tigh beagnach an t-am san. Baineadh na cinn des na tighthe go léir beagnach; scaipeadh an t-arbhar go léir ar fuaid na tíre agus deineadh a lán díoghbhala ar fuaid na tíre go léir. Leagadh crainn agus tighthe sa tír leis. Bhí na tonntracha ag imtheactht ins na spéarthaibh leis an stoirm. Buaileadh na h-éisg i gcoinnibh na carraigeacha agus marbhuigheadh iad agus caitheadh iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.