School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 293
- XML “Cuid de Thuireamh do Cheap Conchubhar Ó Dálaigh ón mBaile Uachtarach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An bhean so d' áirithe, is amhlaig bhí sí ar craochaibh - glan as a meabhair. Bean aníos ó Luimhneach dob eadh í, mar chualadh (adh = ag).Bhí an tEaspog ar cuaird ag an Athair Seán an lá so dh áirithe. Bhíodar ag spaisdeoireacht ar an mbóthar agus ch'nucadar chúcha í seo agus í nochtuithe ar an mbóthar puiblí - í tárnocht gan snáth uirthi. Thuigeadar gur bean ar gealthaig í. Bhíodh ag t-easpog ag cos an Athar Seán i dtaobh bheith ag leigheas daoine, ach nuair a chonaic sé an léibis bhocht sa driuch na raibh sí ghlac truagh dhi é."Leighis í sin anois má seadh," ar seisean. Do tharaing an tAthair Seán leabhar as a phóca agus dfháisc ar bheith á léíghe. Ach b'é céad rud a dhein sé ná a chasóg féin do bhaint de agus í chasa timcheall uirthi. Tréis beagán léightheoireachta tháinig sí chúichi féin beagán, mar ghlac náire í, agus bhí sí ag druidim ar gcúl uatha diaidh ar ndiaidh.Nuair a bhí deire leis an léightheoireacht aige bhí a meabhair shaoltha aici, agus bhí sí go maith as san amach - cé ná raibh aon strus riamh uirthi.Thug an bhean san seachtmhain idtig mo sheanathar ar an mbaile seo 'na dhiaidh san.Ní rabhas ann an uair sin - ní nách iongna - ná aon chuimhreamh orm. R. de Búrc
- Collector
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Rándal de Búrc
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Ballyoughtera, Co. Cork