School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 234
- XML “An Cosmopolitan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuid mhaith dhe.Do bhídís á dhíol, agus fé dheire fuair lucht na faire fios air, agus do cuireadh deire leis an ndíolaidheacht san.Ach nuair a tháínig an Cosmopolitan do malartuigheadh an copar ar thobac agus ar bhrannda agus ar neithe eile den tsórd san. Chuir captaon an áthraig an copar síos i dtóín a bháíd agus clúdach maith de chlochaibh anuas air.Nuair gabhadh í ní bhfuarthas an copar. Bhi sí cúpla bliain nú trí ar Ché Chorcaighe go dtí gur ceannuigheadh í sa deire ar trí chéad púnt, nú rud éígin mar sin. An té cheannuig í fuair sé an copar, agus cuir Riaghalas Shasana an dlighe air chun an chopair a bhaint de; ach bhuaidh seisean an chúis. Dob fhiú an copar níosa mhó ná mar thug sé ar an áthrach.Deirtear go bhfuil cuid den chopar nár díoladh i bhfolach i gCléire fós.
( An Conchubhar Ó Coileaín seo a thug an fhaisnéis dhom, isé oide scoile Dhún na Séad é. An uair úd bhí sé 'na múinteoir óg in Inis Arcaín thug sé roint aistí dhuínn i gcoír leabhair a hAon )(M O'C)- Collector
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Conchubhar Ó Coileáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Baltimore, Co. Cork