School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Page 226
  3. XML “Taibhse do Chítí Uair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí Tomás ag gabháil an tseana-bhóthair insan oidhche agus a shlat ina láimh aige. Do bhí an taidhbhse roimis agus an bóthar cumhang. Do sháig sé an tslat i gcoinnibh an chapaill, agus siúd tré theine é - ar dearg lasadh. Do choimeád sé an tslat, siúd ar go raibh crioth-eagla air. Do thaispeáin sé dá mhnaoi í agus isé adubhairt sí:
    "Imig láithreach chun an tsagairt, no sciobfar as an saoghal tu roimh maidin."
    "Ar nóin, tá an sagart na chodladh anois."
    "Is cuma san adeirim leat", arsan bhean "Imigh chomh tréan agus is féidir leat"
    Amach leis chun an tsagairt.
    "Cad é seo ort a Thomáis" arsan sagart.
    "Ó, do chuir mo bhean chughat me, ar eagla go sciobfadh an spiorad úd me roimis, amáireach."
    "Ní gádh dhi eagla a bheith uirthi. Ní baoghal duit. A' bhfuil an tslat úd agut?
    "Tá go díreach a Athair". arsa Tomás á taispeáint do.
    "Chím go bhfuil sí dóighte go maith"
    "Tá a Athair. Bhí crioth-eagla orm nuair do chonnac ar lasadh í.
    "Anois a Thomáis, ní gádh dhomsa ínnsint duit cá bhfuil an spiorad úd."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bean Uí Chonaill
    Gender
    Female
    Informant
    Domhnall Ó Ríogáin
    Gender
    Male