School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 217
- XML “Máistir Hutchinson agus Tomás Boyer”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)adhmaid a bhíodh ag deiriú bád i dTráíg an Teampaill. (1) Dubhairt sé leis an saor, comhairle thabhairt do - go raibh eagla air go mbeadh air an cloigean capaill a thabhairt abhaile leis.Dubhairt an seanduine nár bhaoghal do, agus do chomhairlig sé dho, an foclóír a chur i gcorcán uisce agus é chur ar an dteine agus leogaint do fiuchadh uair a chluig; agus ar maidin amáíreach báísín don anuirthe d'ól agus go mbeadh gach aon fhocal den Bhéarla aige do Hutchinson.Do bhí san go maith. Do dhein Boyer mar a chomhairlig an saor do, agus d'ól sé cuid de'n uisce, cé go raibh sé searbh a dhóíthin, ach ní raibh an léígheann aige, agus dob ébhí díom- badhach ag dul ar scoil gan leabhar gan béarla.Nuair a chuaidh sé isteach - seo chuige an Máighistir: "A bhfuil go leor des na fochail cruadha foghlumtha agut a Thomáis" ar sé.Chrom Tomás a cheann agus níor bhfeídir leis freagra thabhairt air."Cá bhfuil sé? Imig agus cuardaigh é nú raghaidh an maide seo ag obair ar do thóin."Do chrom Tomás an olagóíreacht.
"Ní dhéanfaidh san an gnó a phrabaire" arsan máighistir. "Is measa liom-sa an foclóír sin ná do chorp ar fad."(continues on next page)- Collector
- Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Ó Ríogáin
- Gender
- Male