School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 215
- XML “Na Seandaoine agus an Béarla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cé go raibh Béarla ghá fhoghluim ag na leanbhaí, sí an Ghaoluinn do bhíodh dhá labhairt insan bhaile agus bhíodh na sean daoine ar a ndícheall chun focail Bhéarla a phiocadh suas ós na páistíbh nuair a thagaidís abhaile ón scoil.
Ins an áit go bhfuil an choill i Rinn Garóige anois, do chomhnuigheadh fear de mhuintir Chiarmhacáin - Mícheál Ó Ciuarmhacáin - agus a mhuintir. Tráthnóna fuar nuair a tháinig na páistí abhaile, do bhí an buachaill ba sine na ruidhe an fhuairimín bheag le hais na teine.
Ní shíl an sean dhuine go raibh an leabh ró ghairid don teine agus mheas sé labhairt leis 'na thaobh. Ní raibh béarla ar bith aige, ach mar sin féin dubhairt sé "Move in Floirín".
Do thosnuigh an páiste an bán gháiridhe, agus do dhruid sé isteach tuile.
"Move in Floirín I say" arsa an tseanduien.
Do dhruid sé isteach níos sia, agus do bhuaile an t-athair le buile baire é.
"Anois druid amach a bhligeáirdín" ar sé.