School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 211
- XML “Smuglaeraithe ar Chósta Thiar Theas na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins an Roilig sin. Níórbh aon triobloíd, le cabhair, an leac barra d'árdú, agus an stuif do chur fé go mbeadh seans ar é do dhíol.Níos déanaighe ná san - deich mbliana fichid ó shin do dheineadh árthaighe ó Rotterdam ins na "Tíórthaibh Ísle" tráchtáíl mhór leis na h-iascairibh, ar an obair gcéadna, ach ní thagaidís i ngar trí mhíle don talamh.Do dhíolaidí tobac breagh ar scilling an púnt; rum sa scilling a cárt, agus brannda trí scillinge, agus gin scilling a's tistiún. Is minic do bhíós feín ar bórd na n-áhrach so agus do bhíodh an ládáíl ? contraband steabháltha ar ar sheilp ana bhreagh glan; mar a bheadh i siopa ar dtír. Do bhíodh an tobac i mboscannaibh timcheall leath chéád meaghchaint - leath phúnt i ngach císte dhe. Siad na tighthe tábhairne do cheannuigheadh go saor é!Do rith leis an obair sin go maith ar feadh tamall insan chaoth ná raibh puinn eagla ortha. Do tháinig long Rialtais ó Shasana insan chuan agus buidhean "detectives" ar bód, sul a raibh fios a gnóha ag eínne, ach níor eirig leo puinn d'fagháíl; ach na tábhairní in Inis Arcáín, ní raibh uain acu é chur i bhfolach, agus do bhíodh an fh íneáíl ró-árd chun é do dhíol; agus do cuireadh i mbraighdeanas iad ar feadh trí mhí(continues on next page)
- Collector
- Máire Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Ó Ríogáin
- Gender
- Male
- Age
- 75