School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 146
  3. XML “Scéilíní i dTaobh Chnoic Chamtha agus Locha Adhain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus tugaid siad cuid den uisce abhaile leo. Níl aon leigheas speisialta ag baint leis, ach ceaptar go leighisean sé aon ghalar.

    2. Tobar na Súl
    Tímpal cuíg péirse síos ón dtobar taobh istig de chlaidhe na coille tá Tobar na Súl. Fadó riamh do nigheadh daoine a súile san uisce ann nuair a bhídís tinn. Ní thagan éinne ann anois.

    3. An Cathair
    Tá an poínte is aoirde den chnoc ar an dtaobh thoir. Fásann crainn ar an dtaobh theas agus tá aiteann agus fraoch agus fionnan ag fás ar an dtaobh thuaidh.
    Tímpal leath mhíle siar ó mhullach an chnoic tá áit go nglaodhtar an Séipéal agus an Chathair air. Tá sé ráidhte gurab ann do rugadh Naomh Fachtna - céad easpog Rois. - I. Ros Ailithre. I ndeire an séamha aoise no i dtosach an seachtú aoise tháinig Fachtna ar an saoghal. Tá sé ana-dheallrathach gurab ann do rugadh é. Do réir na gcúntaisí "do rugadh é ar Thulach Teann ar aghaidh na faraige theas.
    Chuaidh an t-Easpog Ó Ceallaig ná mairean ag feiscint na h-áite tímpal triochad bliain ó shoin, agus dubhairt sé gurab é a thuairim gur san áit sin do rugadh an Naomh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Location
    Tullagh, Co. Cork
    Collector
    Seán Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Creagh, Co. Cork