Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 146
- XML “Scéilíní i dTaobh Chnoic Chamtha agus Locha Adhain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tugaid siad cuid den uisce abhaile leo. Níl aon leigheas speisialta ag baint leis, ach ceaptar go leighisean sé aon ghalar.
2. Tobar na SúlTímpal cuíg péirse síos ón dtobar taobh istig de chlaidhe na coille tá Tobar na Súl. Fadó riamh do nigheadh daoine a súile san uisce ann nuair a bhídís tinn. Ní thagan éinne ann anois.
3. An CathairTá an poínte is aoirde den chnoc ar an dtaobh thoir. Fásann crainn ar an dtaobh theas agus tá aiteann agus fraoch agus fionnan ag fás ar an dtaobh thuaidh.Tímpal leath mhíle siar ó mhullach an chnoic tá áit go nglaodhtar an Séipéal agus an Chathair air. Tá sé ráidhte gurab ann do rugadh Naomh Fachtna - céad easpog Rois. - I. Ros Ailithre. I ndeire an séamha aoise no i dtosach an seachtú aoise tháinig Fachtna ar an saoghal. Tá sé ana-dheallrathach gurab ann do rugadh é. Do réir na gcúntaisí "do rugadh é ar Thulach Teann ar aghaidh na faraige theas.Chuaidh an t-Easpog Ó Ceallaig ná mairean ag feiscint na h-áite tímpal triochad bliain ó shoin, agus dubhairt sé gurab é a thuairim gur san áit sin do rugadh an Naomh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chraobhach, Co. Chorcaí