Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 147](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0398%2FCBES_0398_147.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 147
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 147
- XML “Scéilíní i dTaobh Chnoic Chamtha agus Locha Adhain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)4. Clais na hAlthóraAr an dtaobh thuaidh den chnoc agus tuairim dathad péirse ó Thobar na Sceabhrach tá Clais na hAltóra. Ní raibh áit ní b'oiriúnaí in Iarthar Corcaighe chun Aifrinn nuair a bhí na piandlighthe i bhfeidhim: mar tá cnoic mór thímpal na claise, agus níl radharc ó aon taobh uirthi 'Na theantna san tá árdáin nádúrtha ar an dtaobh is aoirde den chlais.
5. Loch OighinTá loch ana dheas - Loch Oighin ar an dtaobh theas den cnoc. Tá oileán i lár an locha agus tá seana-chaisleán - An Clochán - ar an oileán so. Ba le Drisceolachaibh an caisleán san.
6. Teampaillín BríghdeAr an dtaobh theas de Loch Oighin tá
7. Tobairín BrighdeTá roilig san áit l;eis agus tá fallaí maithe árda 'na seasamh ann fós. Níl an teampaillín ach tímpal ocht dtroighthe déag ar fhaid agus dhá throig déág ar leithead. Bhí drisleacha agus droighean ag fás istig ann agus mór thímpal air go dtí le déanaighe.Tá an piniúir ar an dtaobh thoir theas den Althóir tuitithe, ach tá póírsí beaga sa bhfalla le haghaidh an fhíona agus an uisce.Tá an tobar díscithe anois. Bhí sé ana bheag. Bhí teampal leis san áit ina bhfuil Tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chraobhach, Co. Chorcaí