Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Scéilíní i dTaobh Chnoic Chamtha agus Locha Adhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán Ó Coileáin, múinteoir Scoile na Craoibheach do bhailig an t-eolas so agus do chuir le chéile é.

    1. Cnoc Camtha
    Tá Cnoc Camtha i bparóiste na Rátha (Paróiste an Tullaig san tsean-aimsir). Níl sé ach ceithre mhíle ó Dhún na Séad. Tá bóthar anacrach ar an dtaobh thoir den chnoc ar an thaobh an bhóthair sin tá Tobar na Sceabhrach.
    Thugan daoine turas ar an dtobar so gach Oidhche Bhealtaine. Téigheann na daoine tímpal an tobair ar deiseal - sé sin ar thaobh na láimhe deise. Deich n-uaire a déantar san, agus le linn dul timpal do dhuine, deir sé na paidreacha so:
    "Ár n-Athair atá ar Neamh," "Go mbeannuighthear Dhuit a Mhuire;" agus "Glóire don Athair." Caithtear cloch bheag isteach sa tobar gach uair a téightear thairis san tímpal.
    Ansan ceanailtear blúire ceirte do chraobh sceiche atá ag fás in aice an tobair.
    Ólan na daoine deoch as an dtobar, leis,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Suíomh
    An Tulach, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Seán Ó Coileáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chraobhach, Co. Chorcaí