Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 073
- XML “Dán don Paorach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mícheál Chormaic do chan Fuaras an t-amhran so ó bheirt; ó Dhiarmuid Diniís ( = Ó Ríogáín ) .I. seanduine gan Bhéarla a bhí na fhear oibre ag an Mánganach i nDoirín Daingin i bpróiste an Sciobairín. Connachtach dob eadh an Mangánach, agus do réitigheadar go breagh le chéíle ar feadh triochad bliain, agus a Ghaeidhilge féin ag gach duine acu. Bhí Diarmuid beagán ait ann féín agus é ana neamh chruinn. Tá an bheirt acu ar shlighe na fírinne le cúpla bliain. Beannacht dílis Dé leo.Tadhg Ó Murthuile ó Chill Pháidín i bpróiste na Léime an fear eile. Tá sé go breagh láidir fós agus é go maith os cionn ceithre fichid. Gaiscidheach dob eadh é agus é óg. Bhí sé thar bárr chun cloch nirt do theilgean, nú chun léim do chaitheamh. Bhí guth maith ceoil aige agus théidheach sé deich míle ó bhaile tráth, ag triall ar dhuine go mbeadh amhrán maith aige. Tá roint mhaith dá chuid curtha insan Lóchrann agum. Tá sé ana chruinn agus tuiscint mhaith aige ar an bhfilidheacht. Gura fada buan do.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Dinís
- Ainmneacha eile
- Diarmuid Dinís (ainm áitiúil)
- Diarmuid Ó Ríogáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Taghg Ó Murthuile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Pháidín, Co. Chorcaí