School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 017
- XML “An tAthair Seán Paor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí an tAthair Seán Paor ina shagart próiste ar Chill 'ic Aibia agus Cill Fachtna Beag agus fuair sé bás sa bhliain 1831.
Bhí sé 'na chomhuidhe ar na Cluaintibh idir Cuan Dor agus Léim, le hais an chúl bhóthair, sa tig mór atá ag muintir Roycroft anois. Tá se curtha i Roilg Ruis fé lic mhóir agus a ainm i mBéarla uirthe. Tugtar turas ann Lá Shain Sheáin cé nách ar an lá san a fuair sé bás.
Do cuireadh ina leith bheith ana-naomhtha agus go raibh buadha agus comhacht leighis aige ó Dhia - mola go deo leis. Ó Thula Haoscan i bpróiste Ruis a mhuintir. Ní dóigh liom go bhfuil aon chuid díobh anois ann.
Ínstear mórán scéal mar gheall air. Bhí fear da' rabh ainm Légó 'na chomhnuidhe len 'ais agus bhí gabhar ag an Athair Seán agus chuaidh sé thar teorainn ag braduigheal, in ubhlórd Légó agus do lámhaig Légó an gabhar.
"Mórán bláth agus beagán tora' ar th-úbhlórd a Légó" ars an tAthair Seán. Deirtear ná raibh úbhlórd sa tír ba bláthmhaire ná é an bhliain(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir