School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 120
  3. XML “An Roth Tosaigh Abú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dálta a lán bailte eile i n-Éirinn fadó, ní raibh muíntear Dhún na Séad gan a n-amadán féin bheith 'na measc. Sé an ainm a bhi air ná Páidín. Bhíodh lucht a áitribh ag séide fé agus ag déanamh seoidh de i gcomhnuidhe.
    Aon lá amháin chuir fear ar teachtaireacht é. B'é rúd do h-iarradh air a dhéanamh ná dul go Corcaig chun luacht feoirlinge de shnáthaidí a cheannach. Bhí bóthar ó Dhún na Séad go Corcaig an uair sin go mbiodh na cóistí ag gluaisteacht air. (Cóistí Bhadhancoiní is dócha M Ó'C). Agus dálta an scéil bíodh roth tosaig an chóiste níos lugha ná an roth deirigh.
    Pé ar domhan é, nuair a chonnaic Páidín an cóiste ag gabháil thar Brághaid, ní dheighidh sé in áirde air in ao' chor, ach b shiúd leis 'na dhiaidh ar cosanáirde.
    "Nach mór an iongna," arsa Páidín leis féin go bhfuil an roth beag tosaig ag buadhachtaint ar an mbeithidheach de roth mhór dheirig. Seadh! Buadhfaidh an roth deirigh! ( ? tosaig) An roth tosaig abú! Coinnibh suas é! Is mór an náire dhuit a roth mhóir deirig! Beidh an lá ag an roth tosaig! An roth tosaig abu!!
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conchubhar Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Baltimore, Co. Cork