Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
Skibbereen, Co. Cork
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “An tAthair Seán Paor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chéadna agus ná raibh oiread agus aon ubhall amháin le fagháil ann na dhiagh san. (Pádraig Ó Cúrnáin - uncul le Seán Ó Muirthuile d'inis é seo dhom).
    Chuaidh bean le craobhcaibh, agus bhain sí gach snáth éadaig di féin agus í ag gluaiseacht go tásnocht. Do bhuail sí um an Athair Seán agus do bhain sé a chasóg de féin agus chuir tímpal uirthi í agus do thóg sé abhaile leis í, agus do ghúidh sé chun Dé ar a son agus chuaid sí abhaile agus a ciall nádúrtha aici (Diarmuid Dinís d'inis dom).
    Do beirtí ag triall air, ar chláiríní agus ar bharroíbh, daoine gan lúth a ngéag agus do leighis sé iad. Do leighis sé mórán a bhí dall agus bodhar, nú go raibh máchail nú éislinn ortha. Bhí pabhar mór aige ó Dhia.
    (Seán ó Loingsig d'inis dom).
    "Do dhein an tEaspog - Mícheál Ó hAodha iaracht ar na daoine a chosg ó bheith ag déanamh an turuis. Dubhairt sé ná raibh an tAthair Seán ainmnighthe mar naomh ag an Eaglais; ach níor choisg sin na daoine. Téid ann fós. Chuas féin ann agus do dheineas an turus nuar bhí an rimití orm, agus táim leighiste baochas le Dia" (M'áintín féin. Eibhlín de Laog[?]).
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)