Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 019
- XML “An tAthair Seán Paor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a fuair sé bás do chaoin mórán é. Dhein Míchéal Chormaic tuireamh do agus siné an ceann is mó go bhfuil meas air. Dhein Doncha ó Súileabháin ón Leathanacht lámh le Drom 'á Liag ceann eile. Fuaras roint rann de sin i dTig na mBocht ó Dhomhnal ó Fithín (ó Donchudha) ach fuaras é go léir ó shin i scribhinn, fuair Peadar ó hAnnracháin ar iasacht ó [?]. Ní chuirim é sin sa leabhar so mar ní ó bhéal aithris fuaras é.
Dhein Doncha ó Súileabhain ó Bheanntraighe ceann Béarla - Béarla ana throm agus chuir Mícheál Chormaic Gaoluin air. Dhein Conchubhar ó Dálaig ó Loch Adhain ceann eile Deirtear liom go mbíodh Mícheál ó hÚrdail - an múinteoir scoile go mbíodh Tadhg Ach Síthe á mhola sa Dáil - go mbíodh sé féin agus "seana-Father Hill" á scrí súd síos, ach níl tásc ná tuairisc ar na scríbhinní anois.
Ní raibh aon mheas ar éinne mar Ghaoluinteoir gan a bheag nú a mhór de [?] a Phaoraig a bheith aige, agus is minic a cuirtí líní as i gcomhrádh. Bhí roint bhéarsaí dhe ag mo sheana-mháthair. Fuair Peadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)