Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “An tAthair Seán Paor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an tAthair Seán Paor ina shagart próiste ar Chill 'ic Aibia agus Cill Fachtna Beag agus fuair sé bás sa bhliain 1831.
    Bhí sé 'na chomhuidhe ar na Cluaintibh idir Cuan Dor agus Léim, le hais an chúl bhóthair, sa tig mór atá ag muintir Roycroft anois. Tá se curtha i Roilg Ruis fé lic mhóir agus a ainm i mBéarla uirthe. Tugtar turas ann Lá Shain Sheáin cé nách ar an lá san a fuair sé bás.
    Do cuireadh ina leith bheith ana-naomhtha agus go raibh buadha agus comhacht leighis aige ó Dhia - mola go deo leis. Ó Thula Haoscan i bpróiste Ruis a mhuintir. Ní dóigh liom go bhfuil aon chuid díobh anois ann.
    Ínstear mórán scéal mar gheall air. Bhí fear da' rabh ainm Légó 'na chomhnuidhe len 'ais agus bhí gabhar ag an Athair Seán agus chuaidh sé thar teorainn ag braduigheal, in ubhlórd Légó agus do lámhaig Légó an gabhar.
    "Mórán bláth agus beagán tora' ar th-úbhlórd a Légó" ars an tAthair Seán. Deirtear ná raibh úbhlórd sa tír ba bláthmhaire ná é an bhliain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)