School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 127
  3. XML “Céad Ól Tobac in Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus bladhm deataigh ag eirghe ainíos as agus í tré theine mar a cheap an bhean bhocht. Do gheit sí. Do scannraigh sé. Ghlac umhan agus imeagla í. An diabhal féin b'féidir a bhí ann, nú ceann des na míorbhúiltí dob iontaighe dar thárla riamh roimis sin in Éirinn. Cé déarfadh a mhalairt? Duine tré theine! Ní feacatas a leithéid riamh i gcríochaibh Fodhla.
    Thar n-ais léi agus fuadar fúithí. Isteach léi i mbothán ar thaobh an bhóthair. Ba dhóbair nár thuit sí le neart scannradih. B'ar éigin a fhéad sí na focail a thabhairt léi. "Canna uisce: Canna uisce ar Grádh Dé!" "Tá fear thall ansan tré theine". Ní miste a rádh ná go raibh iongna ar bhean a tighe agus cé tógfadh san uirthhi - ná raibh cúis a dóithin aici?
    Do rug sí ar bhuicéad uisce a bhí ar chúinne den tulg agus do shín sí chuig an mnaoi eile é. Amach leis an sean-mhnaoi go deithinseach agus an buicéad ar sileadh na láimh d'eis léi. Siúd ar aghaidh í an bóthar thar n-ais mar a raibh "an diabhal teine". Deirimse leat gur bheag an bac uirthi cloch, claidhe, ná falla.
    Ba ghearr go raibh sé os comhair Raleigh amach. D'árduig sí an buicéad agus do steall a raibh d'uisce ann idir an dá súil ar mo Rudaire ríoghamhail. Ní gádh cur síos ar cad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conchubhar Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Baltimore, Co. Cork