Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 127
- XML “Céad Ól Tobac in Éirinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bladhm deataigh ag eirghe ainíos as agus í tré theine mar a cheap an bhean bhocht. Do gheit sí. Do scannraigh sé. Ghlac umhan agus imeagla í. An diabhal féin b'féidir a bhí ann, nú ceann des na míorbhúiltí dob iontaighe dar thárla riamh roimis sin in Éirinn. Cé déarfadh a mhalairt? Duine tré theine! Ní feacatas a leithéid riamh i gcríochaibh Fodhla.Thar n-ais léi agus fuadar fúithí. Isteach léi i mbothán ar thaobh an bhóthair. Ba dhóbair nár thuit sí le neart scannradih. B'ar éigin a fhéad sí na focail a thabhairt léi. "Canna uisce: Canna uisce ar Grádh Dé!" "Tá fear thall ansan tré theine". Ní miste a rádh ná go raibh iongna ar bhean a tighe agus cé tógfadh san uirthhi - ná raibh cúis a dóithin aici?Do rug sí ar bhuicéad uisce a bhí ar chúinne den tulg agus do shín sí chuig an mnaoi eile é. Amach leis an sean-mhnaoi go deithinseach agus an buicéad ar sileadh na láimh d'eis léi. Siúd ar aghaidh í an bóthar thar n-ais mar a raibh "an diabhal teine". Deirimse leat gur bheag an bac uirthi cloch, claidhe, ná falla.Ba ghearr go raibh sé os comhair Raleigh amach. D'árduig sí an buicéad agus do steall a raibh d'uisce ann idir an dá súil ar mo Rudaire ríoghamhail. Ní gádh cur síos ar cad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Conchubhar Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na Séad, Co. Chorcaí