School: Fota Island, Belvelly, Cóbh (roll number 11646)
- Location:
- Foaty, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fota Island, Belvelly, Cóbh
- XML Page 102
- XML “Dún an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'na comhnuigeann muinntear Stuairt French, fé láthair. Lastiar de'n tig seo, tá cnocán nó ardán, gur cuma é no carn. Dá mbeithea ag teacht ó Chorcaigh ar an "Fáilte" do chíofeá é ar do lámh clé. Tá coill ag fás ann fé láthair (1938) Dún an Óir a tugtar ar an gCnocán seo. Dubhairt mo athair liom (Beannacht Dé len a anam) gur chuala sé an scéal seo leanas 'na thaobh.
Bhí fear áirighthe 'na chomhnuidhe i bparóiste eile lastuaidh de'n oileán seo. Oíche amháin do deineadh taidhreamh do go raibh ór i gcófra curtha i nDún an Óir. Do chonnaic sé an áit in a raibh sé curtha go soiléir in a bhrionglóid. Bhí crann ag fás i mBéal Áthá'n Bhile (Belvelly) ar a dtugtaí Crann a' Chrothadh. Bhí sé suidte timcheall céad slat ar an dtaobh thiar de'n droichead. Do chonnaich sé 'in a bhrionglóid freisin eochair, a bhí i bhfolach ináirde ar an gcrann úd - eochair a oscalócadh an cófra sa Dún Dubhairt sé leis féin go raghadh sé oidhche éigin, d'fhonn an t-ór d'aimsiú. Bhí sé i gcás idir dá comhairle.
Chudidh sé ag triall ar an sagart d'fhonn comhairle a leasa d'fhágháil uaidh. Dubhairt an sagart leis gan aon bhaint a bheith aige leis.
Bhí Crann a' Crothadh ag fás in áit éigin in garrda Séamus Mhic Ciannaith, an tig is sia síar ó'n droichead.- Informant
- Johnny Hegarty
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Occupation
- Road worker
- Address
- Marino, Co. Cork