School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)

Location:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
Teacher:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Page 001
  3. XML “Airgead i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá lios i bparóiste Cíll na Martra i mbaile fearainn ar a nglaodhtar Réidh - na - nDoirí.
    Do taidhbígheadh do bheirt fhear oidhche áirithe go raibh alán airgid i mbun an leasa fé lic mhóir.
    Níor dheineadar aon iongnadh don taidhreamh agus níor chúimhnigheadar a thuille air.
    Fé ceann tamaill eile do bhí an taidhreamh ceadhna aca agus do dheineadar suas a n-aigne dul go dtí an lios agus nuair a bhíodar ag árdú na lice d'airigheadar stoirm agus gaoth mhór i bhfuirm sídhe gaoithe. Do tháinig eagla ortha agus do ritheadar as an áit. I gcionn bliana eile do taidhbhrígheadh an rud ceadhna do thrúir aca. D'innseadar dá céile é agus shocruigheadar cun an lios do chuardach airís.
    Bhí eagla ortha féin cun dul ann agus bhí duine símplíghe ina chómhnuidhe san áit agus do mhealladar leo é go dtí an lios. Ansan chuadar go léir isteach agus dúbhradar leis an amadán an leac d'árdú agus do dhein.
    Fuaradar suas le mílte púnt fén lic agus níor fuair an t-amadán pioc uatha ac do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Loinnsigh
    Gender
    Female
    Address
    An Rathúnach Thoir, Co. Cork
    Informant
    Bríghid Bean Uí Loinnsigh
    Gender
    Female
    Address
    An Rathúnach Thoir, Co. Cork