School: Cill Bhriotáin (C.) (roll number 11728)

Location:
Kilbrittain, Co. Cork
Teacher:
Cáit de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriotáin (C.)
  2. XML Page 336
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Áit uaigneach iseadh an tsean muileann sin thoir ar thaobh an bhóthair i nGort na hEórnan.

    (continued from previous page)
    a sgiatháin ar leathadh. Timcheall an seomra a d'eitill sé agus é ag scartuíol. Níor bhog éinne sa tigh.
    Ar maidin bhí an coileach Márta ar an úrlár agus a cheann athta. Fuair sé bás go [?] 'na dhiaidh sin. D'imthig muinntir Uí Riardáin as an áit agus níor fhill siad airís air. Ní fhaca éinne an firín ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Fear óg stróinseártha a chuiadh ar seirbhís go háit i bhfad ó bhaile.

    Fear óg stróinseártha a chuaidh ar seirbhís go háit i bhfad ó bhaile. Fuair sé bás ann agus níorbh fhios d'éinne cárbh as dó nó cá'r cheart dóíbh é d'adhlachadh. Dhá oidhche a bhíodh an corp sa tig an uair sin. Timcheall a dóidhéag a chlog an chéad oidhche agus an seomra lán de dhaoine, d'osgladh an doras agus bhuail bean isteach. Bhí clóca fáiscigthe 'na timceall agus ní fhaca éinne a h-aghaidh. Dhruid sí suas inaice na leapthan agus thosnuig sí ag caoineadh an fhir mhairbh:-
    "Mo chara thú 's mo Rún
    Mar níl agam bád ná long
    Ná mo chapall níl i dtiúin
    A bhéaradh mo dhreathár
    Go teampuill Fachtna Dún."
    Dimthig sí an doras amach gan labhairt le h-éinne. Bhí cathú ar fear a' tighe nár cheistigh sé í, agus rinne sé suas a intinn go labharfadh sé léi dá bhfillfeadh sí an tarna oidhche. Um mheadhon oidhche airís d'fhill sí agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish