Scoil: Leithead

Suíomh:
Lehid, Co. Kerry
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 067
  3. XML “Scéal Reilige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Tháinig dochtúirí ó Baile Átha Cliath timcheall ochtó bliadhain ó shoin. Bhíodar na chómhnuidhe i Láithreach agus úaireannta núair do cuireadh corp marbh san uaidh, do thagadh síad agus do goidfeadís é. (San úair sin ní raibh aithne acu ar pháirt na colan agus gach seans a thógadh na threo beadh síad á tríalladh cun na páirt d'iarraidh fághail amach).
    An oidhche so fuair fear áosta bás, cuir a cáirde é san úaidh dhá lá na dhiaidh agus d'imígheadar a bhaile. Tháinig na doctuirí cun é do bhaint ón roilig arís. Núair a bhí an cómhartha anáirde ar brúach na húaidh acu, cúladar glór mór mar beadh na daoine marbh ag éirighe ón na h-uaidh. Tháinig eagla ortha, agus núair d'fhéachadar súas chonnacadar line mór de (sgeletons) mór thimpeall na h-úaidh. Dubhradar leis na doctuirí an corp a chuir thar nais airís. Níor labhair na doctuirí mar ní rabhadar abálta. D'fhan na (sgeletons) mór thimpeall ortha go dtí gur gláodhag an coiligh agus annsan d'imigheadar as radharc. Fuair na doctuirí bás an bliadhain san. Mo athair d'innis dom é sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Ghealbháin
    Inscne
    Baineann