School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 493
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nó máighistir a d'iarraidh (máighistir) buachaill thú?" ars an fear leis.
"Aithnigheann tú ar mo chrot gur buachaill a d'iarraidh máighistir mé" ar seisean. "Cad é an págh atá uait má 'seadh? "Dhá phúnt deog igcóir na bliadna" ars an buachaill. "Tá go maith" ars' an máighistir "ach tá margadh eile le déanamh againn. Má gheibheann tusa locht orm-sa chaithfead-sa an dá chluais ó'n gceann díot, agus má gheibhim-sé locht ort-sa caithfir-se an dá chluais ón gceann díom-sa". Bhí an buachaill sásta.
Bhíodar a déanamh go maith go ceann leath-bhliadna. Annsan dubhairt an máighistir leis an mbuachaill rud éigin a dhéanamh ná féadfadh sé a dhéanamh. Dubhairt sé leis an máighistir cionnus mar a bhí. "An aon locht a gheibheann tú air? ar seisean leis. "Seadh, tá go deimhin, muise" ars' an buachaill. "An dá chluais ón gceann díot" ars' an máighistir. Fuair sé a sgian agus gheárr sé annsan iad. Sin é an págh a fuair an fear bocht. Chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair gan airgead gan cluasa.
Dubhairt an tarna mhac annsan(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Dawros, Co. Kerry