Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoirí:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 493

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 493

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kenmare (B.)
  2. XML Leathanach 493
  3. XML “Triúr Mic na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nó máighistir a d'iarraidh (máighistir) buachaill thú?" ars an fear leis.
    "Aithnigheann tú ar mo chrot gur buachaill a d'iarraidh máighistir mé" ar seisean. "Cad é an págh atá uait má 'seadh? "Dhá phúnt deog igcóir na bliadna" ars an buachaill. "Tá go maith" ars' an máighistir "ach tá margadh eile le déanamh againn. Má gheibheann tusa locht orm-sa chaithfead-sa an dá chluais ó'n gceann díot, agus má gheibhim-sé locht ort-sa caithfir-se an dá chluais ón gceann díom-sa". Bhí an buachaill sásta.
    Bhíodar a déanamh go maith go ceann leath-bhliadna. Annsan dubhairt an máighistir leis an mbuachaill rud éigin a dhéanamh ná féadfadh sé a dhéanamh. Dubhairt sé leis an máighistir cionnus mar a bhí. "An aon locht a gheibheann tú air? ar seisean leis. "Seadh, tá go deimhin, muise" ars' an buachaill. "An dá chluais ón gceann díot" ars' an máighistir. Fuair sé a sgian agus gheárr sé annsan iad. Sin é an págh a fuair an fear bocht. Chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair gan airgead gan cluasa.
    Dubhairt an tarna mhac annsan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó hEaluighthe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Damhros, Co. Chiarraí