Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoirí:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 519

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 519

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kenmare (B.)
  2. XML Leathanach 519
  3. XML “Cailleach Bhéara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cailleach Bhéara.
    Thiar imBéara a bhí cómhnuidhe uirthi idtosach. As sin tháinig sí ileith go Drom Uachtaigh agus bhí tig aici ar mullach Sliabh Carn. Do sheasadh sí go minic ag féachaint siar ar a h-áit dúthchais agus is amhlaidh mar a bhíodh sí ina seasamh na' cos amháin aici ar gach taobh d'Inbear Scéibhne. Do mhairbh muinntr [!] Drom Uachtaig í agus do dheineadar ceithre ceathramhana di. Tá ceathramha amháin curtha inaice le [?] h-Áth Mín (in Drom Uachtaigh) agus is féidir leis na daoine an aít agus an uaig a theasbáint go foilín. Ní fios dóibh cá bhfuil na trí ceathramhana eile curtha. Seo rann a theasbáineann chómh tapaidh agus a bhí sí -
    "Cnoc Daod do léimeas maidin Gaoithe,
    agus as san go Clanna Caoilte,
    i gCorcaig aerach do dheineas pas maith rinnce,
    Agus i Mainistir na Féile do chuadhas i chodladh san oidhche."
    Seo an breicfeasta abhíodh aici -
    Bhíodh an meidhbhán fíreannach fíor gheal aici,
    Agus an duilleasc ó Chuanta Chláir,
    An bradán geal ón Leamhain adtuaidh,
    Agus breac eile ó Mhullach Béim.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
          1. Cailleach Bhéarra (~28)
    3. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge