Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoirí:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kenmare (B.)
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Cusack”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear bocht ó pháróiste Thuath o Siosta uair, darbh ainm dó Cusack, in a chómhnuidhe i bPort Láirge. Bhí léigheann Choláiste air, acht san am gceudna ní raibh ann acht spailpín.
    An lá so tháinig an sagart timcheall chun tighe a mháighistir cun Aifreann a rádh. Nuair a thánaig an tráth san Aifreann go suidheann na daoine síos, do shuidh na spailpíní go léir ar an móin, acht do shuidh Cusack ar chathaoir. Do thárla gur tháinig bean uasal isteach agus ní raibh aon áit di chun suidhe ach ar an móin freisin. Nuair d'iompuig an sagart timcheall do chonnaic sé an spailpín, Cusack, in a shuidhe ar an gcathaoir agus an bhean uasal in a shuidhe ar an móin. Do labhair sé le Cusack - "A spailpín" ar seisean, "Cad na thaobh ná deineann tú slighe don mnaoi uasal so? Eirig ón gcathaoir so agus suidh san áit gur dual duit". Níor thaitin san le Cusack acht mar an gceadna dhein sé rud ar an sagart le linn do suidhe ar an móin do labhair sé leis an sagart mar seo -
    "Má tá an t-Athair - mhac mór ar an Eaglais,
    Níl bríg in ár ngnó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál O hEaluighthe
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Damhros, Co. Chiarraí