Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoirí:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 494

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 494

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kenmare (B.)
  2. XML Leathanach 494
  3. XML “Triúr Mic na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go gcaithfeadh sé féin dul ar siubhal. D'iarr sé lón igcóir a' bhóthair ar a mháthair. Dhein sí an dá bhullóig agus ar maidin chuir sí an cheist ceudna ar an ngarsún so - "Ciacu an bhullóg mhór agus mo mhallacht nó an bhullóg bheag agus mo bheannacht, a thógfair?". "Thógfad an bhullóg mhór" ar seisean. "D'imthig sé leis agus bhain sé amach cros na gceithre rian. Níor bhfada go dtáinig fear chuige "Cioca máighistir ag iarraidh buachaill tú nó buachaill ag iarraidh máighistir?" ar seisean leis. "Aithnigheann tú go maith ar mo chrot gur buachaill ag iarraidh máighistir mé" ars an buachaill "Cad é an saghas páigh atá uait?" "Dhá phúnt deog igcóir na bliadna" ars an buachaill. "Seadh ach caithfimíd margadh eile a dhéanamh" ars an máighistir "an chéad duine againn a gheobhaidh locht ar an nduine eile - an dá chluais ón gceann de."
    Bhí an sgeál go maith go ceann leith bhliadna. Annsan d'iarr an máighistir piosa oibre a dhéanamh ná féadfadh sé. "An aon locht a gheibheann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó hEaluighthe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Damhros, Co. Chiarraí