School: Kenmare (B.) (roll number 2849)

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teachers:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 492

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 492

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kenmare (B.)
  2. XML Page 492
  3. XML “Triúr Mic na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Triúr Mic na Bainntrighe.
    Bhí bainntreabhach ann fadó agus bhí triúr mac aici. Seadh! arsan duine aosta lena mháthair lá "tá an iomad againn annso agus caithfidh duine éigin againn dul sa t-siubhal" "Cathain a imtheochair?" ar sí. "Maidin amáireach" ar seisean. "Tá go maith" ar sise.
    Bhí dhá bhácús aice sa tig aici - ceann mór agus ceann beag. Chuir sí císte ins gach aon bhácús diobh agus do bhácáil go maith iad. Nuair a tháinig an maidin - "seadh, táim-se ar siubhal" ar seisean "T'rom rud éigin igcóir an bhóthair". Tá dhá bhullóig agam-sa" ar sí bullóg mhór agus bullóg bheag:- Ciacu a thógfair?" ar sise - an bhullóg mhór agus mo mhallacht nó an bhullóg bheag agus mo bheannacht?" "Tógfad an bhullóg mhór", ar seisean "is mór an nídh an raighise igcóir an bhóthair". Thóg sé leis é agus bhí ag cur de gur bhain sé amach cros na gceithre rian. Sheasaimh sé ag an gcros Ní raibh sé ibhfad ann nuair a chonnaic sé fear chuige.
    "Cioca buachaill a d'iarraidh máighistir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó hEaluighthe
    Gender
    Male
    Address
    Dawros, Co. Kerry