School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 519
- XML “Cailleach Bhéara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cailleach Bhéara.Thiar imBéara a bhí cómhnuidhe uirthi idtosach. As sin tháinig sí ileith go Drom Uachtaigh agus bhí tig aici ar mullach Sliabh Carn. Do sheasadh sí go minic ag féachaint siar ar a h-áit dúthchais agus is amhlaidh mar a bhíodh sí ina seasamh na' cos amháin aici ar gach taobh d'Inbear Scéibhne. Do mhairbh muinntr [!] Drom Uachtaig í agus do dheineadar ceithre ceathramhana di. Tá ceathramha amháin curtha inaice le [?] h-Áth Mín (in Drom Uachtaigh) agus is féidir leis na daoine an aít agus an uaig a theasbáint go foilín. Ní fios dóibh cá bhfuil na trí ceathramhana eile curtha. Seo rann a theasbáineann chómh tapaidh agus a bhí sí -
"Cnoc Daod do léimeas maidin Gaoithe,
agus as san go Clanna Caoilte,
i gCorcaig aerach do dheineas pas maith rinnce,
Agus i Mainistir na Féile do chuadhas i chodladh san oidhche."Seo an breicfeasta abhíodh aici -
Bhíodh an meidhbhán fíreannach fíor gheal aici,
Agus an duilleasc ó Chuanta Chláir,
An bradán geal ón Leamhain adtuaidh,
Agus breac eile ó Mhullach Béim.