Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Tullaha, Co. Kerry
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 244
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Leigheasanna eile
Pian id' phutóga: - Bheiridís greim ar chosaibh an duine go mbéadh an phian air, chuiridís na sá[la?] i dtreo na spéire, agus bhuailidís a cheann trí uaire i ndiaidh a chéile ar lic an teinteáin. B'fhéidir go raibh ciall leis an leigheas san.Dathacha: - Chuiridís béilthidheach mhór ar lic an teinteáin, agus nuair a bhíodh sé dearg agus an leac te bhainidís an mhóin dhearg agus chaithidís amach é. Annsan thugaidís isteach bacla de raithnigh mhadraidh a d'fhásadh san riasc nú le h-ais na h-abhan. Chuiridís an luachair ar an lic, agus an duine go raibh an dathacha air, bhaineadh sé a chuid éadaigh de, chuireadh sé plainncéad tímcheall air agus luigheadh sé ar an raithnigh go dtí go mbíodh sé ag cur allais go tiugh. Dubhairt duine liom go raibh a athair crapaighthe leis an dathacha go dtí gur bhain sé triaill as an leigheas san, agus as san amach bhí sé ina chumas obair na feirme do dhéanamh chomh maith le cách.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Milleens, Co. Kerry