Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 283

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 283
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo cheanntar féin
    'S é an ainm atá ar an gceanntar ina bhfuilim im chómhnuidhe ná an Bunán. Tá sé suidhte i mbarúntacht Gleann an Ruachtaigh, i gCiarraidhe agus tá "Cnuic na Ceachan" idir í agus Gleann Garbh. Gleann beag is eadh é, tá 110 tighthe ann, agus tighthe feirmeoirí an chuid is mó aca. Déarfainn go raibh idir ceithre céad agus cúig céad de thighthibh ann roimh an gorta agus is fuirist d[o] thuisgint go raibh an sgéal amhlaidh ón méid cabhlach tighe atá le feiscint san bparóiste. Cuir i gcás ins na Garránaibh - baile fearainn lámh le Teampall Fiachna bhí ceithre tigh déag ann agus tá na sean-fhothraigh le feiscint ann fós agus iad an-chómhgarach dá chéile.
    Pé áit i mbun nú cliathán cnuic ina raibh páircíní beaga, ceathrú acra nú mar sin bhí tigín ann agus foiligh (= follaigh) nú crúitín (cróitín) tamaillín ón dtigh cómhnuidhthe. Ar chliathánaibh na gcnoc, nú ar bhruachaibh na habhann do chídhfeá "iomairí críche" is gan ann ach talamh bocht anacrach; agus gach screachain gorta lom san bparóiste dheineadar é do dhaingniú is do chuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Bunán, Co. Chiarraí