Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 184
- XML “Seanleigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-leigheasanna1. Liocán agus salann: - Leigheas na bpiasdaí i leanaidhe ab eadh é. Tógtaí liocán agus pínsín salainn agus é do thógaint ar ceallacháin (=céalacan) gach maidin.2. Fl (?): - Ceiridhe do chneadh ab eadh é. Fásann an luibh sin ar na hiomairíbh ins an ngairridhe.3. Meachain "da abha" (ceartaithe dobha* ?): - Leigheas na n-ioscoidí (=neascóidí) ab eadh é. 4. Slánlus: - Leigheas do ghearradh. Cuirtí in aice na teineadh é agus
annsa[n] cuirtí ím úr leis agus cuirtí leis an gcneadh é.5. Caisreabhán: - Leigheas do dhroch
g[h]oile ab eadh é.6. Sean-chré: - Fén sceich gil tógtaí amach roinnt den chré agus cuirtí in árus é. Cuirtí uisge air agus sgagataí an t-uisge sin de. Cuirtí roinnt eile uisge air, sgagataí airís é, agus an tríomhadh uisge óltaí é. Bhíodh leigheas air do
d[h]roch ghoile. Pé rud ná réidhtigheadh le goile an duine, t[h]iocfadh fonn múisce air ach uisge an tseanchré d' ól.7. Eidhneán: - Cuirtí na duilleoga ar na cneádhannaibh. Deintí caipín eidhneáin díobh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí