Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Leigheasanna
    Bhí mórán leigheasanna ag na seandaoine i mBunán fadó agus is annamh a cuirtí fios ar dhochtúir agus duine breoite in aon tigh. Thagadh mná an bhaile isteach chun an duine bhreoite d'fheiscint, thugaidís leigheas do mhuinntear an tighe agus i gceann tamaill bhíodh an duine ar a chosaibh airís. Seo dhíbh cuid aca a triaileadh tímcheall na háite seo: -
    Cneadh: - Gheibhidís slánlus, chuiridís duilleoga i ndeárnain a lámh, bhuailidís leis an láimh eile iad agus chuiridís ím úr orrtha. Cuirtí an ceiridhe san leis an gcneadh.
    Cneadh: - Cuirtí "maitheas na bó", is é sin bualthaighe (bualaidhe sa lámhscríbhinn) don gcneadh.
    Cneadh: - Cuirtí líon an dubháin alla don gcneadh. Nuair a bhíodh sé ag tabhairt fola, ritheadh duine amach go dtí tigh na mbó agus thugadh sé an leigheas isteach mar is i dtigh na mbó [a] bhíodh an dubhán an-iomadamhail.
    Cneadh: - Cúnlach a fhásann ins an riasc
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí