Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 243
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mu[chadh?]: - Seilmidí a bhíonn i scoilteannaibh na [bh]fallaí iad do bhrúghadh agus ceiridhe do dhéanamh díobh agus do chur lámh le poll na bráighde.Cluas tinn ('Earache'): - Nuair a bhíonn slat fuinnseoige glaise sa teineadh uaireanta chídhtear uisce ag púscadh amach as ceann na slaite agus deiridís gur maith an leigheas é sin dá mbeadh pian id' chluais.Craosghalar: - Gob an ghanndail a chur i mbéal an pháiste agus iachall do chur ar an éan (t-éan sa lámhscríbhinn) gogaduíol a dhéanamh trí huaire i ndiaidh a chéile.Craobhfhabhar: - Dheinidís fíoghar na croise air naoi n-uaire gach maidin le fáinne óir go dtí go n-imthigheadh sé.
Ainm an duine a sgrí mórthimcheall na háite ina mbíodh sé. A ainm do sgríobhadh le fuil as eirbeall chait dhuibhnú le dubh.Sáil tinn tar éis léimt ar chloich: - Prátaí rósta agus bainne géar mar cheiridhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí